Ainm: | Caitlín Dhonnchaidh Mhícheáil Nic Giolla Bhríde | |
Áit Chónaithe: | Cluain tSaileach, Na Dúnaibh |
Áit Dúchais: | Cluain tSaileach, Na Dúnaibh |
Catagóir: | Seanchas Cráifeach |
Fochatagóir: | Colm Cille |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Ábhar an bhéaloidis a rinne sí ar an Dioplóma sa Ghaeilge. Phioc sí suas suim ina ceantar féin nuair a bhí sí ag déanamh an dioplóma. Scéalta / seanchas a phioc sí suas faoi Cholm Cille le linn a staidéir agus an dóigh a shocair sé a eaglais a bhunadh sa cheantar. Lorg den tsean mhainistir atá fágtha go fóill, dhá bhalla atá ann agus cros fosta. Leacanna atá sa cheantar fosta le marcanna in áit scríobh. Tá carraigeacha sa cheantar fosta le lorg coise agus láimhe Cholm Cille iontu. Tá tobair bheannaithe sa cheantar fosta le leigheasanna. | 00:07:10 | |
Scéal faoi Cholm Cille agus an tairngreacht faoin bhradán a rinne sé. Mallacht a chur Colm Cille fosta agus scéal faoi fhear a léim isteach i dtobar beannaithe a chuaigh dall. Níor chóir baint de thobair beannaithe nó rud uaisle. Tá crann sa cheantar fosta a bhfuil baint ag na síoga leis, tá sé ag bogadh i gcónaí. | 00:05:00 | |